What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 25 Aib 2024
Dáta: 2 Déar 6 Meith 2024
Am:

Is sraith líníochtaí pionsail daite é ‘Machnamh ar an Solas’ a thosaigh amach ar an chéad dul síos mar sceitsí fá choinne píosa oibre suíomhoiriúnaithe ar chéimeanna theach solais Rinn Mhuintir Bháire in iarthar Chorcaí mar chuid de Thionscal na dTithe Solais, samhradh 2022.

Sna líníochtaí, úsáidtear dathanna speictream na soilse infheicthe mar thagairt, chomh maith le cruthanna geoiméadracha, chun patrún a dhearadh agus foirmíochtaí níos casta a chruthú. Cruthaíonn il-línte agus ilchruthanna tonnfhaid agus tugann gluaiseacht thar am le tuiscint.

Agus iad ag teacht le gnéithe na siméadrachta – comhréiteach, cothromaíocht agus comhréir – cuimsíonn gach líníocht páirteanna a chomhoiriúnaíonn le chéile. Ciallaíonn sé sin gur féidir iad a mhéadú nó a laghdú gan teorainn, gan comhréir a chailleadh.

Amharcaim ar an saothar mar agóid chiúin, moilliú d’aon ghnó a chuimsíonn gnéithe machnamhacha an dathúcháin, pléisiúr na simplíochta agus an fonn daonna doshrianta dul i mbun cruthaitheachta.