What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 25 Beal 2024
Am: 7pm - mall
Costas: £5

Bhíodh an scéalaíocht lárnach i saol an phobail in Éirinn fadó. Tá beirt phíobairí aitheanta, Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh agus Cormac ‘Buzz’ Ó Briain ag tabhairt an fhoirm ealaíne ársa seo os comhair lucht féachana
nua ar fud na tíre agus níos faide anonn. Ní hamháin gur scéalaithe oilte iad an bheirt acu ach tá scoth na píobaireachta uilleann acu chomh maith.

Tháinig an bheirt le chéile chun an scéalaíocht thraidisiúnta a chur os comhair an phobail agus chun an grá a bhí acu don uirlis ab ansa leo, an phíb uilleann, a roinnt. Cnuasach scéalta is ea a seó a bhfuil fonn ar leith ar
gach ceann acu a léiríonn doimhneacht na scéalta go hálainn trí mhothúchán iontach ceoil. Dúirt Cormac:

‘Tá cúpla scéalaí traidisiúnta fágtha sa tír agus neart píobairí maithe ach go bhfios dúinn níl duine ar bith ag cur idir phíb uilleann agus scéalta traidisiúnta ó na sean laethe le chéile mar a rinne a mhacasamhail Shéamuis Ennis agus ceoltóirí eile. D’fhoghlaim muid scéalta an cheoil i gcónaí ach is nuair a iarradh orainn go minic seónna a dhéanamh gur shocraigh muid go dtabharfadh muid struchtúr éigin do na léirithe chun léiriú spleodrach a dhéanamh ar ríleanna, poirt agus foinn mhalla corraitheacha le scéalta sióg, tragóidí, eachtraí dochreidte agus seantraidisiúin.’