Tá réimse leathan spásanna ilúsáide againn anseo i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá na seomraí foirfe le haghaidh cruinnithe, taispeántas, ceolchoirmheacha, ócáidí sóisialta agus go leor, leor eile.
Tá Danlann Dillon suite ar bhun-urlár na Cultúrlainne ag amharc amach ar Bhóthar na bhFál. Ligeann na fuinneoga ollmhóra sa spás álainn seo go leor solas nádúrtha isteach. Is féidir suas le 70 duine a chur ina suí sa sheomra seo, agus cuireann na taispeántais ealaíne a bhíonn go minic ar na ballaí le carachtar an tseomra seo. Tá Danlann Dillon foirfe le haghaidh seoltaí leabhar, ócáidí filíochta, comhdhálacha nó taispeántais eile.
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £130
Lá Iomlán: £160
Leath-Lá: £80
Leath-Lá: £100
2 Uair: £50
2 Uair: £70
An Taisceamar
Tá An Taisceamar díreach ar bharr Danlann Dillon agus baintear úsáid rialta as le haghaidh comhdhálacha, cainteanna agus seisiúin oiliúna. Tá an seomra an-ilúsáide agus is féidir é a leagan amach de réir do chuid riachtanas. Is féidir suas le 70 duine a chur ina suí sa Taisceamar agus, ar nós Danlann Dillon, tá buntáiste an tsolais nádúrtha sa sheomra seo fosta.
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £130
Lá Iomlán: £160
Leath-Lá: £80
Leath-Lá: £100
2 Uair: £50
2 Uair: £70
Amharclann
Is spás amharclainne iontach é seo ar chúl an fhoirgnimh. Is féidir é a shocrú suas i stíl amharclainne nó stíl cabaret, ag brath ar do chuid riachtanas. Tá ardán modúlach againn gur féidir a shocrú suas agus tá beár in aice leis an amharclann.
Tá an spás seo oiriúnach le haghaidh léiriúchán stúideo, agus is iomaí léiriúchán craoltóireachta a rinneadh anseo.
Is féidir suas le 90-120 duine a chur in a suí ann (ag brath ar an leagan amach).
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £130
Lá Iomlán: £160
Leath-Lá: £80
Leath-Lá: £100
2 Uair: £50
2 Uair: £70
Seomra Boird (Boardroom)
Tá an Seomra Boird suite ar bharr an fhoirgnimh. Is féidir suas le 15 a chur ina suí ann agus tá an spás seo foirfe le haghaidh cruinnithe nó seisiúin oiliúna. Ligtear go leor solas nádúrtha isteach tríd na fuinneoga móra agus tá radharc galánta ar iarthar Bhéal Feirste agus ar an tSliabh Dúbh le feiceáil fosta.
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £130
Lá Iomlán: £160
Leath-Lá: £80
Leath-Lá: £100
2 Uair: £50
2 Uair: £70
Na Ballaí Bána
Is iad Na Ballaí Bána an spás danlainne níos lú san fhoirgneamh, lonnaithe ar an chéad urlár. Tá an seomra geal agis fairsing agus cuireann ealaín an tseomra le carachtar an spáis. Arís, is féidir úsáid a bhaint as an seomra seo le haghaidh cruinnithe nó ranganna, ach fosta tá an spás seo foirfe le haghaidh ranganna rince nó íoga.
Is féidir suas le 25-40 duine a chur ina suí ann.
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £80
Lá Iomlán: £100
Leath-Lá: £50
Leath-Lá: £70
2 Uair: £30
2 Uair: £50
Seomra Cruinnithe/Seomra Ranga
Is féidir idir 12 agus 25 duine a chur ina suí sa sheomra seo agus baintear úsáid as an spás seo de ghnáth le haghaidh ranganna nó cruinnithe. Spás mór atá ann le clár bán mór chun tosaigh sa sheomra agus is féidir an seomra a leagan amach ar aon bhealach a fhreastálaíonn ar do chuid riachtanas.
Grúpaí Pobail
Grúpaí Eile
Lá Iomlán: £60
Lá Iomlán: £80
Leath-Lá: £40
Leath-Lá: £60
2 Uair: £25
2 Uair: £40
Seomra Ealaíne
Tá an seomra ealaíne lonnaithe ar chéad urlár an fhoirgnimh agus tá sé foirfe le haghaidh ranganna nó ceardlainne le páistí nó le daoine fásta.