Tá Dánlann Gerard Dillon ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste ag lorg iarratais ó ealaíontóirí idir nua agus bhunaithe ar mhaith leo taispeántas a dhéanamh i gclár nua spreagúil i nDánlann Dillon 2020.
Tá cúis cheiliúrtha ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus an duais ‘Printíseach na Bliana’ bainte amach ag Fionnuala Cush, Oifigeach Forbartha Gnó, ag na Duaiseanna Scileanna Cruthaitheacha agus Cultúrtha 2019.
Taispeántas leis an ealaíontóir áitiúil agus buaiteoir Ghradam Dillon, Jack Dorian. Tá an taispeántas seo bunaithe ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille agus amharcann sé ar an dóigh a dhéanann ealaín aithris ar an saol agus an dóigh gur mhinic a dhéanann an saol aithris ar na healaíona.