Eolas ar na rialacha maidir le pasanna Covid agus freagraí ar cheisteanna coitianta
Ceisteanna coitianta
Tá! Tá muid oscailte gach lá ó 9.00r.n seachas ar an Domhnach, nuair a bhímid druidte ar fad. Bíonn an bhialann ar oscailt 9.00r.n - 5.00i.n Luan go Déardaoin, 9.00r.n - 8.30i.n ar an Aoine, agus 9.00r.n - 5.00i.n ar an Satharn. Bíonn an siopa leabhar ar oscailt 9.30r.n - 5.30i.n Luan go hAoine agus 9.30r.n - 4.00i.n ar an Satharn. Bíonn imeachtaí agus ranganna againn san oíche – féach an Clár reatha nó na meáin shóisialta.
Moltar tábla a chur in áirithe ag amanna gnóthacha (am lóin agus oíche Dé hAoine) ach ní ga; is féidir teacht isteach am ar bith idir a 9.00r.n agus a 5.00i.n Luan go Déardaoin, 9.00r.n - 8.30i.n ar an Aoine, nó 9.00r.n - 5.00i.n ar an Satharn.
Tá an siopa leabhar ar oscailt arís agus is féidir teacht isteach chugainn. Is féidir leabhair a bhrabhsáil agus a cheannach ar an suíomh idirlín fosta más fusa sin. Téigh chuig https://www.anceathrupoili.com/ga/.
Glacann muid le hairgead tirim chomh maith le cártaí, sa bhialann agus sa tsiopa leabhar.
Tá. Buailigí isteach agus amharcaigí ar na taispeántais áille s’againn!
Tá cuid acu, agus tá bearta i bhfeidhm le scaipeadh an choróinvíris a mhaolú. Is féidir teacht isteach go rang Gaeilge an tSathairn 11.00r.n-1.00i.n, a dhíríonn ar an chomhrá den chuid is mó, nó chuig rang na bpinsinéirí, ‘Na Saoithe Gan Locht’, gach Céadaoin 10.00r.n-12.00i.n. Tá na ranganna ióga ar siúl san fhoirgneamh arís fosta. Tá an dá chór ar ais – Cór na mBana agus Cór Loch Lao oíche Dé Céadaoin agus oíche Déardaoin, faoi seach. Tá na ranganna oíche Ghaeilge ar siúl ar Zoom faoi láthair, ach déanfar athbhreithniú air seo sa todhchaí. Is féidir clarú do na ranganna ach ríomhphost a chur chuig sinead@culturlann.ie.
Beidh go luath! Coinnigh súil ar na meáin shóisialta nó téigh i dteagmháil linn anseo.
Tá! Moltar clárú roimh ré ach ní gá; is féidir clárú ar lá an imeachta féin. Is féidir ticéidí a cheannacht ar líne, nó ríomhphost a sheoladh chuig sinead@culturlann.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Moltar clúdach aghaidhe a chaitheamh taobh istigh den fhoirgneamh nuair is féidir, de réir na dtreoirlínte is déanaí de chuid an Fheidhmeannais.
Caithfidh scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm an t-am ar fad – iarrtar ort d’aird a dhíriú ar na comharthaí Covid atá fud fad an fhoirgnimh.
11. An féidir seomra cruinnithe a fháil ar cíos?
Is féidir; ní mór do chuairteoirí spás a chur in airithe d’imeacht roimh ré más abhárach. Is féidir scairt a chur orainn ar 028 9096 4180, nó ríomhphost a sheoladh chuig caoimhin@culturlann.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
EOLAS EILE:
Ní mór do chuairteoirí cloí leis na treoirlínte úd agus iad ag obair nó ar cuairt san áitreabh. Déanfar athbhreithniú agus uasdátú ar na treoirlínte seo de réir mar is gá.