What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 30 Ean 2025
Am: 7in
Costas: Saor in aisce

Taispeántas: Dervla O'Flaherty

 

Taispeántas de phictiúir meán measctha le Dervla O’Flaherty is ea ‘Trioblóid sa Domhan Eile’. Eascraíonn na saothair dhlúthphearsanta seo as spéis an ealaíontóra sa mhiotas, sa saol anaithnid agus sa duine féin. Bailíodh go leor de na píosaí amhairc le linn a taistil le déanaí (An Ungáir, Málta, an Chipir, an tSeoirsia, an Airméin agus Alasca) agus tugadh le chéile iad ina saothair ealaíne in Éirinn. Déanann píosaí teibí léiritheacha machnamh ar an mhealltacht agus ar an chontúirt a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an ‘Saol Eile’, cibé tuiscint a bheadh ag an duine aonair ar an choincheap sin.

"Ar aon dul leis an fhilíocht, cuireann cineálacha áirithe ealaíne ar chumas an duine blaiseadh a aimsiú den saol anaithnid. Is éard atá i mo phéinteáil ná atheagar d'aon ghnó a dhéanamh ar ghnéithe aitheanta go háiteanna anaithnide fiáine inar féidir saol nua agus brí nua a aimsiú. Scrúdaíonn mo shraith péintéireachta reatha 'Trioblóid sa Domhan Eile' pointí rochtana agus bealaí isteach sa mhiotas agus sa chuimhne, lena n-áirítear tógáil foclóir amhairc de léarscáileanna teibí, doirse, fuinneoga, toibreacha agus poill choiníní. D’fhéadfadh aon rud a tharlú, a dúirt an file C.D. Wright, i gcathracha aisteacha na hintinne."