What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 24 DFómh 2024
Am: 19:00
Costas: Fáilte Roimh Chách

Mar a deir an seanfhocal ... damhsóidh na luchóga, glanfar na plátaí le heireaball an chait, agus íosfaidh na daoine garbhlus. Agus iad comhdhéanta de ghnéithe nádúrtha, gnéithe mínádúrtha agus gnéithe osnádúrtha, is minic nach dtugtar aird ar an diamhracht a bhaineann leis an seanfhocal Gaeilge. Bíonn caidreamh idir daoine daonna agus ainmhithe, déanann ainmhithe caidreamh le chéile, agus tá ról tábhachtach ag plandaí i saol na ndaoine.

Cuimsíonn na priontaí scáileáin, na líníochtaí agus na dealbha sa taispeántas seo cuid de bhailiúchán saothair cruthaithe ag Emily McGardle le trí bliana anuas. Léiríonn an saothar seo an t-íomháineachas láidir a fhaightear i seanfhocail agus díríonn sé ar an nasc atá ann idir daoine daonna,   nádúr agus an Ghaeilge. “Chuaigh an greann, an t-osréalachas agus an t-éigiallachas chomh maith le tagairtí don chorp agus don chaidreamh daonna a fhaightear sna seanfhocail i bhfeidhm orm go mór agus is téamaí agus gnéithe iad a dtéim i ngleic leo i mo chuid saothair go minic.”

Cruthaíodh na dealbha sileacain sa taispeántas seo i Stiúideonna Ealaíontóirí an  Stáisiúin Dóiteáin, Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh Gradam sa Chleachtas Dealbhóireachta ar Emily níos luaithe i mbliana. Le linn tréimhse trí mhí, d’oibrigh sí ag déanamh múnlaí de shíolta, de ghais agus de dhuilleoga plandaí éagsúla. Baineann diamhracht le dealbha sileacain a chur i láthair mar phlandaí. Agus is saothar in aisce é bheith ag iarraidh rud éigin orgánach a athchruthú i bhfianaise na srianta a bhaineann leis na próisis mhúnlaithe agus teilgthe.

Is déantóir priontaí í Emily McGardle as Contae Mhuineacháin. Chéimnigh sí ó Institiúid Teicneolaíochta  Bhaile Átha Cliath in 2016 agus céim Chéad Onóracha sa Mhínealaín aici agus bhain sí MA sa Phrionta amach in 2020 ó Choláiste Ríoga na hEalaíne, Londain. Is ball í den Black Church Print Studio, Baile Átha Cliath. Cuireadh Emily ar an ghearrliosta don Zurich Portrait Prize in 2022, don Trinity Buoy Wharf Working Drawing Award in 2023 agus 2024, agus don  Derwent Art Prize, 2024.