Dáta: 1 Déar 1 Lún 2024 |
Dáta: 2 Déar 12 MFómh 2024 |
Am: 19:00 |
Colin Darke’s exhibition Fuaim Faoi Cheilt opens at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich’s Dillon Gallery on 1 August and runs until 12 September.
Seolfar taispeántas Colin Drake, Fuaim Faoi Cheilt i nDánlann Dillon, Cultúrlann McAdam O Fiaich, an 1 Lúnasa agus beidh sé ar siúl go dtí an 12 Meán Fómhair.
Is de bhunadh Shasana ó dhúchas é Darke. Bhog sé go Éirinn in 1988, chaith sé fiche bliain i nDoire, d’athlonnaigh sé go Béal Feirste chun dul i mbun staidéir agus chuir sé céim PhD i gcrích in 2010. Tá sé ina chónaí in Iarthar Bhéal Feirste ó bhí 2012 ann.
Ghlac sé páirt i go leor taispeántas grúpa lena n-áirítear “Manifesta 3” (Ljubljana, 2000), “Biennale na Veinéise” (2003), “Mac International” (Béal Feirste, 2014) agus i dtaispeántais eile in Éirinn, sa Bhreatain, san Iodáil, i SAM, sa Chóiré Theas agus sa tSín. Bhí taispeántais aonair aige fosta in Éirinn, san Iodáil, i gCeanada agus i Sasana.
Tá téacs lámhscríofa ina chuid de go leor dá shaothar. I dtús báire, thagair sé seo do litreacha scríofa ag príosúnaigh pholaitiúla - an “comm” nó an “teach” – scríofa ar pháipéar toitíní. Roghnaigh Darke stíl phoblachtach, go bunúsach, an “comm” agus scríobh sé ábhar Marxach, agus ar an bhealach sin scrúdaigh sé an caidreamh idir an dá idé-eolaíocht. I bpáirt, filleann an taispeántas sa Chultúrlann ar an cheist seo.
Tagraíonn na trí phíosa in Fuaim Faoi Cheilt do shaothar de chuid Marcel Duchamp, With Hidden Noise, a scríobhadh in 1913.
Cuimsíonn ceann acu tiomántáin chrua sheachtracha ina bhfuil fillteáin anaithnide cosanta ag pasfhocal. Cuimsíonn an ceann is mó 1,275 boscaí bronntanas ceangailte le sreangán, a bhfuil pingin de chuid na Breataine i ngach ceann acu. Tá focal amháin ar gach lipéad, a litríonn aiste aistrithe James Connolly Socialism and Irish Nationalism nuair a chuirtear le chéile iad. Sa tríú cheann déantar machnamh ar bhiogóideacht i bhfad amach ar an eite dheis i leith inimirce agus cuimsíonn sé buidéil sáile ón chósta thiar, chomh maith leis an dán íorónta Démocratie le Rimbaud. Déanann na trí phíosa go léir bunús na beochana a n-áireofar sa taispeántas.
Arsa Colin Darke faoin taispeántas, “Mar dhuine de mhuintir na háite, bhí sé mar uaillmhian agam le tamall de bhlianta taispeántas a eagrú sa Chultúrlann. Rinneadh dhá cheann de na píosaí seo go sonrach don dánlann agus tá mé ag súil go mór le hiad a fheiceáil suite inti.”