Dáta: 1 Déar 18 Ean 2024 |
Dáta: 2 Déar 29 Feabh 2024 |
Am: 7pm |
Costas: Saorchead |
In Ní Bhíonn Imeacht gan Chaill, scrúdaíonn O’Reilly an caidreamh idir theanga agus an Fhéiniúlacht i gcomhthéacs na Gaeilge. Díríonn an saothar seo ar Oileán Thoraí – a bhfuil clú air mar cheann de na pobail Ghaeilge is saibhre in Éirinn. Tá tionchar díreach ag stair shaibhir, béaloideas agus traidisiún an oileáin ar theanga agus ar logainmneacha na háite.
Ag tagairt do Shuirbhéireacht Ordanáis oileán Thoraí 1835 agus don dráma Translations le Brian Friel chomh maith lena taighde féin ar an oileán, scrúdaíonn O’Reilly an dóigh a n-úsáideann muid teanga chun cur síos agus tuiscint a fháil ar an ghaol atá againn lenár dtírdhreach fisiceach agus lenár n-oidhreacht chultúrtha. Trí bhailiúchán de chomhrá taifeadta, grianghrafadóireacht agus léarscáileanna, rianaíonn an t-ealaíontóir dearcthaí stairiúla na cumhachta agus an ordlathais i leith na Gaeilge chomh maith leis na hiarrachtaí stairiúla agus comhaimseartha a rinneadh chun teanga, a mhair ainneoin na n-ainneoin, a chaomhnú.
Cé go bhfuil an obair seo dírithe ar an Ghaeilge, nascann sí fosta le mionteangacha ar fud an domhain atá faoi thionchar oidhreacht an choilínithe, na heisimirce agus fachtóirí sochpholaitiúla. Ceistítear díláithriú agus briseadh na féiniúlachta agus iarmhairtí na cailliúna teanga ar na glúnta ina dhiaidh sin.