What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Sath 14 Noll 2024
Dáta: 2 Sath 12 DFómh 2024
Am: 1-3pm
Costas: £30

Beidh scoil drámaíochta na Cultúrlainne ‘Aisling Óg’ ag tosú ar ais agus tá muid ar bís! Seo deis iontach le cur le muinín agus le scileanna cumarsáide agus aisteoireachta páistí óga ó Rang 1 ar aghaidh chomh maith le bualadh le cairde nua agus spraoi a bheith acu. Déanann muid gach gné de na healaíona a thaiscéaladh - damhsa, ealaín, ceol agus drámaíocht ina measc, le clár spreagúil bríomhar a chomhlíonadh. Bíonn seó againn ag deireadh an téarma lenár gcuid oibre crua a chur ar taispeáint.