What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 28 Samh 2024
Am: 7in
Costas: Saorchead Isteach

Is mór an onóir dúinn gach bliain cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí óga díograiseacha Choláiste Feirste a gcuid ealaíne a chur ar taispeáint i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tugann an taispeántas seo spléachadh dúinn ar shaol na n-óg sa cheantar agus ar na hábhair is mó atá mar inspioráid ag na hógánaigh seo. Is ócáid bhliantúil anois é an taispeántas seo a thugann ardán don tallann iontach atá i ranganna ealaíne Choláiste Feirste. Tá píosaí ealaíne ó scoláirí A-Leibhéil agus TGM ar taispeáint sa Dánlann agus tá ardchaighdeán oibre le feiceáil thar réimsí éagsúla.