What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 25 Aib 2024
Dáta: 2 Déar 6 Meith 2024
Am:

Sa taispeántas seo, “Am Iasachta”, roinneann Mariana Duarte Santos sraith líníochtaí, pictiúir agus gearrthacha líonóile spreagtha ag stadáin as seanscannáin/seónna teilifíse atá bailithe aici thar na blianta.

Sa saothar seo, féachann sí leis na híomhánna tochtmhara seo a athnuachan nó beocht úr a chur iontu trí iad a scaradh amach óna gcomhthéacs bunaidh agus iad a chur i láthair ar bhealach nua.

Bíonn claonadh ag Mariana go leor scannán/seónna teilifíse nach bhfuil mórán aithne orthu a roghnú, nach mbíonn aisteoirí inaitheanta iontu, cionn is gur mian léi go ndíreofar ar áilleacht na n-íomhánna féin seachas ar phortráid de “dhuine cáiliúil”.

Go minic, cuireann na saothair ealaíne a eascraíonn astu scéal oscailte in iúl nó bomaite de theannas amhail is go mbeadh rud éigin ar tí titim amach.

Gluaiseann íomhánna i scannáin chomh gasta sin nach dtugtar aird orthu, agus tá súil ag an ealaíontóir go gcuirfear beocht nua agus scéalta nua sna híomhánna “caite” seo má léiríonn sí i meán, am agus comhthéacs nua iad.