What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 16 Samh 2023
Dáta: 2 Déar 11 Ean 2024
Am: 19:00

Is é atá i Recent Diagrams and Proposals ná taispeántas de líníochtaí priontáilte agus de chóimeálacha dealbhóireachta adhmaid. Táirgtear na cóimeálacha as ábhair a bailíodh i spásanna poiblí lena n-áirítear páirc phobail faoi stiúir grúpa ainrialaithe i dTuaisceart Bhéal Feirste. Déanann na priontaí sraith de sceitsí peann agus dúigh a atáirgeadh trí úsáid a bhaint as réimse de theicnící grafacha lena n-áirítear esquisse, líníocht uathoibríoch agus dréachtlíníocht theicniúil. I measc téamaí eile, cuimsíonn siad seo suim an ealaíontóra i ngnáthamh néareolaíoch, geomanacht agus líníocht bhosca.

Sa chás seo, breathnaítear ar an spás taispeántais mar chomhéadan idir an duine féin agus gnásanna an tsaoil, idir an t-uaigneas agus an pobal. Molann teideal an taispeántais, Recent Diagrams and Proposals, go léifí an tsuiteáil mar réamhtheachtaí do shocruithe spáis, ama agus acmhainní amach anseo. Agus muid ag breathnú orthu mar ‘léaráidí’, cuireann na saothair ealaíne in iúl cosáin trí fhadhb, idir léirithe agus réitigh fhéideartha ar achrann de chineál éigin. Ar an dóigh seo, téann réimse de chultúir rannpháirtíochta i bhfeidhm ar an ealaíontóir a d'fhorbair modhanna pobaldírithe agus ealaíonta chun seasamh in aghaidh an choimhthís. Mar sin féin, cé go spreagann na saothair aeistéitic éalaithe, cuireann siad in aghaidh an chumha. Amharcann siad uilig ar an saol amach anseo agus aithníonn siad teip, moilleadóireacht agus téarnamh.

Tá Duncan ina chónaí i mBéal Feirste ó mhí na Samhna 2000. Le linn an ama sin, dhírigh a chleachtas ar iniúchadh ar shaothar an línitheora agus ar éascú na n-amharc-ealaíon, áit a bhfuil saothair ar leith forbartha aige thar tréimhsí fada. I measc na samplaí tá léaráidí don bhileog nuachta The Vacuum (2003 – 2014), ceardlann ealaíne poiblí oscailte in aghaidh na seachtaine dar teideal The Tuesday Drawing Studio (2013 - 2018) á heagrú ag an ealaíontóir, agus Skull, imeacht líníochta fada beo atá  á thionól go míosúil ag an Black Box ó bhí 2016 ann.