What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 9 Samh 2023
Dáta: 2 Luan 11 Noll 2023
Am: 19:00

Miwanzo
         Mise I mo dhuine nua le 1 Nation
         A new me by 1 Nation

Chuaigh muid i ngleic le ceisteanna a bhain leis an scoiteacht agus leis an uaigneas a léirigh othair i roinnt cleachtais dochtúra in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí fáilte sa ghrúpa  roimh dhaoine nua sa cheantar agus roimh phobal seanbhunaithe na háite.

Bhí muid ag súil go bhforbródh rannpháirtithe córas tacaíochta a neartódh a gcuid naisc phobail. Bheadh dea-thionchar aige seo ar fholláine fhisiciúil agus ar fholláine intinne.

Bhí sé i gceist againn tabhairt faoi na ceisteanna seo trí mheán na n-ealaíon mar chuid de chomhpháirtíocht idir Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn trí na healaíona agus an cultúr, agus 1 Nation, a fuair tacaíocht ó Iontaobhas Sláinte agus Cúraim Shóisialta Bhéal Feirste.

Moladh go nglacfadh rannpháirtithe sa tionscadal páirt i malartú ealaíonta agus cultúrtha trí shraith ceardlanna ealaíne agus prionta a bhí éascaithe ag Emma Berkery, ealaíontóir comhlach na Cultúrlainne, agus Belfast Print Workshop.

Dhírigh siad ar fhocail a mheas siad a bheith suntasach ina dteangacha féin agus d’fhoghlam siad an dóigh leis na focail sin a rá as Gaeilge. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil ag an phobal agus ag cuairteoirí ar an Chultúrlann i dtaispeántas priontaí vinile agus cártaí poist den saothar ealaíne atá cruthaithe ag na rannpháirtithe.

D’fhorbair na rannpháirtithe na naisc ríthábhachtacha agus an córas tacaíochta atá de dhíth go géar orthu tríd an rannpháirtíocht seo.