Dáta: 1 Déar 3 Lún 2023 |
Dáta: 2 Déar 21 MFómh 2023 |
Am: 19:00 |
Costas: Saorchead Isteach |
Ealaíontóir ildisciplíneach í Petra Dominova a oibríonn le péinteáil, íomhá ghluaisteach, ealaín fuaime, ealaín dhigiteach agus le suiteáin. Baineann sí úsáid as miotais agus as íocónagrafaíocht phearsanta, iomasach le saothar a chruthú a dhíríonn aird ar chisil fho-chomhfhiosacha na sícé, mar ar cuid suntais iad an siombalachas a léiríonn nasc le haontacht an Dúlra agus ár bhfréamhacha ach, san am céanna, fiosraítear smaointe faoi mheabhair, éicea-shíceolaíocht agus misteachas. Domhain a thógáil agus iad fite ina chéile trí chruthanna agus fíoracha orgánacha, báite i bhfírinne chomónta, chéadfach. Tá na saothair á gcruthú suite i dtimpeallacht thumthach a théann go smior an bhreathnóra.
Cnuasach de shaothar úr de chuid an ealaíontóra a bheidh sa taispeántas, ina bhfiosraítear domhan fileata agus siombalach na héicea-shíceolaíochta. Is minic an chosmeolaíocht á léiriú sa saothar. Tá sé seo le meas i gcomhthéacs is leithne an chianspáis agus mar aircitíopúil, ar aon dul le síceolaíocht an duine.
Agus muid ar tí scaradh lenár bhfréamhacha i ré seo na teicneolaíochta, is ann don intinn ársa bhunúsach go fóill i réimse na hinstinne agus na miotas. Leanann an saothar domhan nádúrtha na hintinne trína dtugtar eispéireas níos suibiachtúla. Is ann do na saothair féin i spás tumthach, pearsanta, agus cuirtear ar an bhreathnóir dul a thaiscéaladh arís agus domhan dá gcuid féin á dtairiscint acu.
Is iarracht é an saothar seo atmaisféar an Dúlra, agus mar a shreabhann sé, a ghabháil. Síneann sé a rithim isteach i scéal siombalach, in amanna gan chruth, amanna eile casta agus todhchaíoch. Mar an abhainn a cheanglaíonn an uile ní. Sruth íomhánna agus fuaimeanna i ngréasán an domhain Nádúrtha agus na sícé, ag cruthú fírinne osréalach, fhairsing.