Dáta: 1 Luan 15 Lún 2022 |
Dáta: 2 Luan 6 Meith 2022 |
Am: 06|06|22 - 15|08|22 |
Costas: Saorchead |
Saolré an taispeántais: 06|06|22 - 15|08|22
Daniel O'Neill – Ag teacht abhaile
Rugadh Daniel O’Neill, nó ‘Dan’ mar a thugadh a chairde air, ar an 21 Eanáir 1920 i Sráid Dimsdale in iarthar Bhéal Feirste. Thosaigh sé ag péinteáil le huiscedhathanna nuair a bhí sé 15 bliana d’aois agus chaitheadh sé a chuid saorama go léir i Leabharlann Tagartha Bhéal Feirste ag déanamh staidéir ar phéintéirí an Renaissance. Mhúin sé é féin den chuid is mó, d’fhreastail sé ar feadh tamaill bhig ar ranganna ábhair bheo i gColáiste Ealaíne Bhéal Feirste agus mhúin an péintéir Sidney Smith é ina stiúideo i Sráid Howard áit ar lig sé dó scuaba agus ábhair a úsáid. Bhí sé ard, dathúil, bhain sé taitneamh as comhluadar na mban agus tá sé seo le feiceáil ina shaothair ar feadh a shaoil. Le linn an Dara Cogadh Domhanda bhí poist éagsúla aige mar innealtóir leictreach. D’oibríodh sé i rith na hoíche chun go bhféadfadh sé péinteáil i rith an lae. Lean sé den nós sin ar feadh ceithre bliana eile ach ba bheag pictiúr a dhíol sé. Go luath sna 1940aidí, phós sé Eileen Lyle agus bhuail sé leis na healaíontóirí Markey Robinson, Gerard Dillon, na deartháireacha George agus Arthur Campbell, Colin Middleton, Nevill Johnson agus John Turner, a léirigh a gcuid saothar leis i mBéal Feirste. Chónaigh sé agus d’oibrigh sé san Choinleic, sráidbhaile beag i gCo. an Dúin. Ba mhinic George Campbell agus Gerard Dillon ina theanta agus bhí comhthaispeántas acu i mBaile Átha Cliath ag na Contemporary Picture Galleries i 1943. Nuair a théadh sé go Baile Átha Cliath thugadh sé cuairt go minic ar árasán Nano Reid a bhí mar ionad buail isteach le haghaidh péintéirí agus scríbhneoirí a raibh an dearcadh céanna acu chun litríochta agus ealaín a phlé.
I 1945 agus é 25 bliana d’aois thairg Victor Waddington conradh gailearaí dó. Bhí Victor ag an am sin i mbun an ghailearaí ba mhó i mBaile Átha Cliath a bhí ag speisialú san ealaín chomhaimseartha. Lean a chaidreamh le Waddington go dtí 1970. Thug an conradh ioncam seasta dó agus chuir sé ar a chumas éirí as an sceideal dian a bhí aige ag obair mar leictreoir. Tar éis an rath a bhí ar a chéad seó aonair i 1946, shocraigh Waddington go mbeadh O’Neill san áireamh i seónna grúpa lena chairde Gerard Dillon agus George Campbell in Éirinn, sa RA agus i Meiriceá Thuaidh, agus bhí na healaíontóirí Colin Middleton agus Nevill Johnson san áireamh freisin. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, d’éirigh sé mór le grúpa níos óige d’ealaíontóirí Bhéal Feirste, James MacIntyre, Arthur Armstrong, T.P. Flanagan agus Basil Blackshaw. Sa bhliain 1948, le tacaíocht Waddington, thaistil O'Neill go Páras chun cuairt a thabhairt ar na gailearaithe móra agus chun péintéirí an Renaissance agus na hImpriseanaithe a fheiceáil. D’oscail an turas a shúile agus nuair a d’fhill sé abhaile, bhí athrú iomlán le feiceáil ar na pictiúir a chuir sé ar taispeáint i 1949 sna Waddington Galleries. Mhol na léirmheastóirí na híomhánna rómánsúla agus éifeacht na péinte uigí a bhí aige, rud a d’fhág go raibh éileamh níos mó ar a shaothair.
Bhí sé i bhfad níos muiníní tar éis 6 mhí a chaitheamh i bPáras freisin agus d’fheictí é ag spaisteoireacht trí shráideanna Bhéal Feirste, clóca dubh air agus hata Fedora. Bhí sé 6'2" ar airde agus ba dhuine drámatúil é i sochaí choimeádach Bhéal Feirste. Bhí amhras ar na húdaráis faoi ach tharraing sé aird na n-ealaíontóirí óga air agus bhíodh díospóireachtaí acu faoina theicnící péintéireachta. Is léir óna shaothar sna 1940idí go raibh a bhean chéile, Eileen, mar bhé aige, agus bhí an-tóir ag an bpobal ceannaigh ar an chaoi ar láimhseáil sé téamaí uilíocha. Níor mhair a fhéinmhuinín i bhfad, áfach. Thit a phósadh as a chéile toisc go mbíodh sé as baile go minic agus d’airigh sé ciontach ar feadh formhór a shaoil de bharr cliseadh a phósta. Idir 1950-51 d’fhulaing sé géarchéim phearsanta agus ní raibh sé in ann dul ag péinteáil. D’fhuascail caidreamh nua agus taispeántas siarghabhálach ag Dánlann Mhúsaem
Bhéal Feirste i 1952 é óna ghéarchéim. An CEMA le tacaíocht Victor Waddington a d’eagraigh an taispeántas. Faoi 1953 bhí cónaí air in aice le Trá Thigh Riala i gCo. an Dúin, in éineacht lena pháirtí, Sheilagh Deacon, áit ar chríochnaigh sé roinnt radharc trá agus fómhair. Bhí a chuid pictiúr fós san áireamh sna seónna bliantúla i mBaile Átha Cliath: san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Taispeántas Ealaíne an Oireachtais, agus ag Taispeántas na hÉireann d’Ealaín Bheo (IELA) go dtí 1956. I 1952 bhí taispeántas aonair aige i Londain ag gailearaí Arthur Tooth agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, i 1954, bhí taispeántas aige féin is ag Colin Middleton sa gailearaí céanna. Rinne Tooth’s ionadaíocht air
gach bliain ina dtaispeántais Today and Yesterday go dtí deireadh na 1950idí, agus de thoradh an aitheantais a thugadh dá shaothar chuir Gailearaí Náisiúnta Victoria san Astráil, an Suter Art Gallery sa Nua-Shéalainn, agus Dánlann Ealaíne Laing i Sasana pictiúir leis ina mbailiúcháin.
I 1958 bhog Daniel O’Neill go Londain lena pháirtí nua, Maureen Boyce O’Neill, áit ar fhan sé ar feadh dhá bhliain déag. Nuair a d’aistrigh Victor Waddington go Londain i 1957, lean sé air ag díriú ar na nua-aoisithe teibí agus ar péintéirí St Ives, agus sheol sé saothar O’Neill chuig gailearaí a dhearthár George Waddington i Montréal áit ar reáchtáil O’Neill roinnt seónna aonair rathúla do lucht féachana idirnáisiúnta nua. Ní fada tar éis dó Londain a bhaint amach d’aimsigh O’Neill péint aicrileach, ach is léir óna chuid pictiúr talún, farraige agus spéire gur airigh sé a cheantar dúchais uaidh. Bhí sé ag streachailt le cur faoi i Londain agus i rith na mblianta sin chaill sé an spreagadh a léirigh sé sna 1940aidí agus 50idí – cé go raibh dhá thaispeántas rathúla aonair aige i mBaile Átha Cliath i 1960 agus 1963. Ba bheag bhí le feiceáil uaidh ó lár na 1960idí, áfach, agus ba bheag taithí a bhí aige ar a chathair dhúchais. Le linn na coimhlinte i dTuaisceart Éireann, d’fhill O’Neill ar Bhéal Feirste le bheith gar dá theaghlach agus bhí taispeántas ar siúl aige ann i 1970, a chéad seó aonair ina chathair dhúchais le hocht mbliana déag. I 1971, bhí a thaispeántas aonair deiridh aige i mBaile Átha Cliath, agus taispeánadh a phictiúir dheireanacha i dtaispeántas grúpa i mBéal Feirste i mí na Nollag 1973. Fuair sé bás gan choinne ar an 9 Márta 1974 agus é 54 bliana d’aois. Tá a shaothar le fáil i mbailiúcháin na ndánlanna seo a leanas in Éirinn: Dánlann Náisiúnta na hÉireann, IMMA, Músaem Uladh, Dánlann Crawford, Dánlann Ealaíne Chathrach Phort Láirge, Ollscoil Luimnigh, Dánlann Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus Músaem Chontae an Dúin.
Fad an Imeachta: | 06|06|22 - 15|08|22 |