Dáta: Domh 17 Iúil 2022 |
Am: 1:00pm |
Costas: Saorchead |
Is cláirseoir den tríú glúin é as Baile Átha Cliath Cormac de Barra, ó theaghlach de cheoltóirí agus d’amhránaithe traidisiúnta na hÉireann. Rinne sé staidéar ar an chláirseach Éireannach lena sheanmháthair Róisín Ní Shé i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé ar aghaidh le staidéar a dhéanamh ar an chláirseach cheolchoirme le Leone Paulson i SAM.
Tá camchuairt déanta ag Cormac mar aonréadaí san RA, san Eoraip, i SAM, sa tSeapáin agus san Astráil, agus seinneann sé go rialta leis an chláirseoir Anne-Marie O’Farrell. Tá camchuairt déanta aige agus tá taifeadtaí déanta aige le Moya Brennan, Clannad, Julie Feeney, Hazel O’Connor, Ceolfhoireann Chláirsí na hÉireann, agus Slide, gan ach roinnt bheag a lua.
Chomh maith le bheith ar an stáitse, chuir Cormac an tsraith cheoil thraidisiúnta, Flosc agus an tsraith ealaíon Imeall i láthair ar TG4.
Tá Cormac mar chuid de thríréad clainne fosta, Barcó, lena dheartháireacha Fionán agus Éamonn. I measc a gcuid taifeadtaí go dtí seo tá na dlúthdhioscaí Barcó agus An Caitín Bán le clann De Barra, na dlúthdhioscaí díse Double Strung agus Duopoly le Anne-Marie O’Farrell agus an taifeadadh fliúit agus cláirsí Music of Great Irish Houses le Karin Leitner.
Maidir le comhoibriú eile, tá dlúthdhiosca díse le Máire Breatnach ar an fhidil agus ar an vióla, agus trí dhlúthdhiosca Down By the Sea, Songs of the Celtic Winter agus Night Travels leis an amhránaí Ceilteach Ashley Davis sna Stáit Aontaithe.