Dáta: Aoine 5 Feabh 2021 |
Am: 8:30pm |
Is féile dhúchasach Cheilteach í Imbolc a thiteann amach idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an earraigh. Comórann an fhéile tús an Earraigh is siombal í de thorthúlacht an tséasúir. Tá Imbolc ar cheann de cheithre fhéile shéasúracha Ghaelacha lena n-áirítear Bealtaine, Lúnasa agus Samhain chomh maith. B’fhéile phágánach i dtosach í in ómós don bhandia Bríd agus dhéanadh cailíní óga crosóga Bhríde agus thugadh siad bábóg ar tugadh Brídeog uirthi ó theach go teach mar chreid daoine gur tháinig Bríd ar cuairteanna tí le linn Imbolc. Le beannachtaí Bhríde a chinntiú, bhíodh sé de nós ag daoine leaba, cothú agus éadaí a fhágáil taobh amuigh den teach. Guitear ar Bhríd tithe cónaithe agus eallach a chosaint.
Mar chéiliúradh ar an fhéile, tá lúcháir orainn ceolchoirm ar líne a chur i láthair an phobail le plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe traidisiúnta lena n-airítear Rónán Ó Snodaigh, Clann Uí Luachráin, Étain & Máire Ní Churraoin, Ciara Mc Crickard & Stephen Rooney.
05/02/21 | 8:30pm
Facebook & Youtube
Nasc le haghaidh Síntiúis: http://paypal.me/culturlann
Facebook: AnChulturlann
YouTube: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich