What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 5 Márta 2020
Dáta: 2 Aoine 27 Márta 2020
Am: 7:00in
Costas: soarchead

Is ealaíontóir ilmheán ó Bhéal Feirste í Karen Daye- Hutchinson. Rinne sí staidéar ar an Mhínealaín in Ollscoil Mhanchain agus in Ollscoil Uladh agus taispeánadh a cuid saothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta i Meiriceá, i gCeanada, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i Lucsamburg agus sa tSeapáin. Is ball tofa í Karen den eagraíocht ealaíne mór le rá Prism Print International agus ar na mallaibh, bhí sí ina healaíontóir cónaithe ag Empreinte Atelier de Gravure i Lucsamburg, áit ar chruthaigh sí ‘Dark Fairy Tale’, bailiúchán eitseálacha, saothar a lean ‘A Harlot’s Progress’, taispeántas eitseálacha léi a ghnóthaigh ardmholadh i gcéin is i gcóngar. Saothar úrnua a bheas i dtaispeántas na Cultúrlainne – leabhair dhealbhacha ealaíontóirí agus suiteán priontaí hibrideach a mhapálann turas trí mheán na línte agus an tsiombalachais.

Ó 27/02/2020- 27/03/2020

9:00rn-5:00in

 

Seoladh: 05/03/2020

Am: 7.00in

Áit: Dánlann Dillon

Costas: Saor in aisce