What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Domh 8 Noll 2019
Am: 5:00pm
Costas: Saor in aisce

Lasfar soilse na Nollag agus is cinnte go spreagfar spiorad na Nollag ionat. Beidh aoi speisialta againn i mbliana le soilse Nollag na Cultúrlainne a lasadh. Beidh Dáithí Mac Gabhann linn, buachaill óg ó iarthar Bhéal Feirste agus laoch an fheachtais ‘Is Deontóir Mé’. Lasfaidh sé soilse na Nollag agus beidh deis ar an lá tuilleadh a fhoghlaim maidir leis an fheachtas le haghaidh deonú orgán agus le síniú suas ar chlár na ndeontóirí fosta. Ar a bharr sin, fógrófar buaiteoirí chomórtas ealaíne na scoileanna mar chuid de Fhleadh Feirste, agus beidh maróga Nollag blasta agus scailtín fíona ar fáil ó chaifé Bia chomh maith le ceol binn ó Chór Loch Lao.