What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 19 MFómh 2024
Dáta: 2 Déar 24 DFómh 2024
Am: 19:00
Costas: Saorchead Isteach

Dreamland   “I have dreams in the night... and then I just have to paint” 

Tír na nAislingí  “Bíonn brionglóidí agam san oíche agus … agus ansin ní mór dom dul i mbun péintéireachta”

Is amharc-ealaíontóir í Lorna Corrigan atá lonnaithe i ngrúpa stiúideo a fhaigheann tacaíocht ó KCAT i gCallainn, Co. Chill Chainnigh. Tá Lorna ina bhall gníomhach le KCAT ó 2004. Oibríonn sí trí phéint aicrileach, dúch uiscebhunach agus marcóirí Posca go príomha lena stíl shainiúil a chruthú. Is é seo an chéad léiriú aonair ag Lorna i mBéal Feirste. Léiríonn na pictiúir seo an úsáid cheannródaíoch a bhaineann Lorna as dath agus obair líne léiritheach. Cruthaíonn a cuid cumadóireachta teibí iontas agus léirthuiscint don áilleacht sa domhan thart orainn.

Tá saothar Lorna curtha ar taispeáint aici go forleathan, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. In 2014, chuir sí i láthair a taispeántas aonair And Then I Paint, i nDánlann Sainealaíne Laoise, an Sráidbhaile. Bhí a saothar mar chuid den Engagement Project (Tionscadal Taistil) a cuireadh ar taispeáint in ionaid ar fud na hÉireann lena n-áirítear: Gailearaí F.E. Mc Williams, Droichead na Banna, Co. an Dúin agus Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, an Sciobairín. Áiríodh a cuid saothair in Matriarch mar chuid d’Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh in 2022. Bhí sí páirteach fosta i dtaispeántais agus tionscadail san Astráil, sa RA, i Lucsamburg agus san Ísiltír. I measc na dtaispeántas a bhí aici le déanaí bhí ‘Mná agus Cogadh’ i Loch Garman 2023 agus mórthaispeántas Iardhearcach agus foilsiú a cuid saothair i nGailearaí KCAT, Cill Chainnigh in 2023.

Léiríonn saothair na sraithe seo íomhánna ó bhrionglóidí Lorna agus cuimhní cinn ar radhairc a mheall í. Is minic a léiríonn a saothar ríphearsanta an nascacht dhomhain a mhothaíonn sí le háiteanna ar leith, le daoine agus leis an domhan nádúrtha. Tugann a cuid taistil, na daoine thart uirthi agus teagmhálacha laethúla spreagadh di. Tá sé mar aidhm ag an taispeántas seo idirphlé a chruthú leis an lucht féachana trí na saothair agus aird a tharraingt ar an dóigh a dtagann déanamh na healaíne agus an saol le chéile gan stró.