Dáta: 1 Déar 1 Lún 2024 |
Dáta: 2 Déar 12 MFómh 2024 |
Am: 19:00 |
“Leigheas an tSiúcra”
agus d’fhéadfaí méar gearrtha a chur faoi thoit giota beag siúcra/ a croitheadh ar phíosa guail lasta (NFC 0122: 157.)
Creideann Joyce go bhfuil anam na hÉireann gafa in eangach; bailítear ansin é fosta. Chun muid féin mar phobal a chruthú, ní mór dúinn an eangach, nó an píosa lása sin, nó an ciseán fite sin a aimsiú.
Agus í faoi chomaoin mhór ag scoláireacht Mháirtín Mhic Con Iomaire, Bríd Mahon, Kevin Danaher, Jennie Moran agus na mílte guthanna eile atá fite fuaite i mbailiúchán na Scoileanna Dúchais, cíorann agus athchruthaíonn an taispeántas seo an éagsúlacht iontach atá le fáil i stair chócaireachta na hÉireann. Ar an dóigh sin, táthar ag súil go laghdóidh sé cuimhní pianmhara an ghorta, an troscaidh, stailceanna ocrais, daoine á gcur i dtithe cúraim agus éiginnteacht ó thaobh bia de - rud a léirítear sa lá atá inniu ann trí neamhord itheacháin agus neamhaird a dhéanamh ar riachtanais chothaitheacha iad siúd atá faoinár gcúram.
Agus í ag baint leas as an scoláireacht thuasluaite, a chuimsíonn caomhnú béaloidis, litríocht Ghaeilge na meánaoise, modhanna traidisiúnta ceardaíochta (obair paistí, lásáil Éireannach), chomh maith le spéis an ealaíontóra agus a cairde sa chócaireacht, forbraíonn an saothar teanga fhísiúil lúcháireach do chócaireacht na hÉireann.
“Is é an “Carrier bag theory of fiction” de chuid Ursula K. Le Guin réalta eolais an tsaothair seo. Cuireann sí chun cinn an teoiric nárbh é sleá ná arm éigin eile an chéad uirlis ag daonnaí, ach eangach nó mála. An tábhacht a bhaineann leis an chéad réad seo a bheith ina fhórsa a thugann daoine le chéile in áit a bheith ina fhórsa millteach, áitíonn sí gur cheart é sin a léiriú inár gcuid ealaíne. I bhfianaise an leibhéil scriosta a rinneadh do dhaoine agus do chultúir de bharr gorta réamhbheartaithe in Éirinn go stairiúil agus anois mar atá ag tarlú i nGaza, creidim sa tábhacht a bhaineann lenár gcultúr bia a athchruthú ar bhealach a bhréagnaíonn fealsúnacht indibhidiúlach mhillteach an choilínithe. Creidim go bhfuil sé de dhualgas ar chultúr a cruthaíodh as blúirí, é féin a dhéanamh as an nua trí úsáid a bhaint as modhanna nach léiríonn a fhorghabháil. Más líne agus teorainn í ealaín an choilínithe, caithfidh ár n-ealaín a bheith ag caomhnú, ag bailiú, ag roinnt. Tá orainn na blúirí a nascadh le chéile.”
Chomh bán le bainne /Chomh milis le mil / Chomh dearg le fuil.
(NFC, 0023 : 190)