Dea-scéal! Is féidir leat na taispeántais seo a fheiceáil inár nGailearaí, Dánlann Dillon, agus tú ar do bhealach isteach go dtí an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí, agus chuig Bia, ár mBialann, atá anois ar oscailt don phobal.
Is mór an onóir dúinn gach bliain cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí óga díograiseacha Choláiste Feirste a gcuid ealaíne a chur ar taispeáint i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Tugann an taispeántas seo spléachadh dúinn ar shaol na n-óg sa cheantar agus ar na hábhair is mó atá mar inspioráid ag na hógánaigh seo. Is ócáid bhliantúil anois é an taispeántas seo a thugann ardán don tallann iontach atá i ranganna ealaíne Choláiste Feirste.
Tá píosaí ealaíne ó scoláirí A-Leibhéil agus TGM ar taispeáint sa Dánlann agus tá ardchaighdeán oibre le feiceáil thar réimsí éagsúla. Is mó an lúcháir atá orainn i mbliana, go háirithe, ceiliúradh a dhéanamh ar chumas ealaíne ar leith an phobail áitiúil agus muid ag ceiliúradh 30 bliain den Chultúrlann, áit ar bunaíodh Meánscoil Feirste.