Anseo, gheobhaidh tú eolas maidir le aon fholúntas atá ar fáil le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
FOLÚNTAS: OIFIGEACH ÓIGE AGUS OIDEACHAIS (Conradh Bliana)
Is mian le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Oifigeach Óige agus Oideachais a cheapadh. Tá ról ar leith ag an Oifigeach Óige agus Oideachais in athbheochan na Gaeilge ag tacú le daoine de gach aois. Beidh an té a cheapfar freagrach as clár cruthaitheach ealaíon a riar agus a fhorbairt a thugann deis do pháistí agus daoine óga an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus a suim sna healaíona a fhorbairt. Freastalóidh an tOifigeach ar dhaoine fásta atá ag iarraidh líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach trínár gclár oideachais a riar agus a fhorbairt.
Spriocdháta: Iarrtar ar iarrthóirí CV agus litir chlúdaigh a chur chuig stiurthoir@culturlann.ie faoi 12pm Dé Luain, an 24 Feabhra 2025.
Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Is féidir cur síos poist a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig stiurthoir@culturlann.ie