Ainmníodh an t-ionad Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in ómós don iarracht ollmhór a rinne Robert Shipboy McAdam, fear gnó Preispitéireach sa 19ú aois, agus an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, fear léinn Caitliceach sa 20ú aois.
D'oscail Cultúrlann McAdam Ó Fiaich na doirse don chéad úr le spás a chruthú do Mheánscoil Feirste, meánscoil trí mheán na Gaeilge le naonar dalta i 1991. Bhog Coláiste Feirste, mar a thugtar anois air, chuig suíomh nua in Ard na bhFeá ó shin agus is sampla í an scoil sin de na tograí a d'fhorbair istigh sa Chultúrlann, agus a d'fhás le Ceathrún Gaeltachta Bhéal Feirste a chruthú. I measc na n-eagraíochtaí eile a thosaigh amach sa Chultúrlann, tá Lá/ Lá Nua, Gaeloiliúint, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Raidió Fáilte.
Rinneadh athchóiriú ar an ionad i 2010 agus osclaíodh an t-tionad arís ag Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa ar 19 Meán Fómhair 2011, le ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain ó a osclaíodh don chéad uair muid. Bhí costas £1.9 milliún ar shíniú agus ar athchóiriú an fhoirgnimh, le spás idirghníomhach taispeántais san áireamh a ainmníodh in ómós d'ealaíontóir áitiúil, Gerard Dillon.
Mar chuid d'éiteas na Cultúrlainne tá meon neodrach neamhspleách a chuireann luach lenár dteanga agus lenár gcultúr mar chuid d'oidhreacht chomónta na ndaoine. Is mar gheall ar an dearcadh oscailte fáiltiúil seo go bhfuil clú ar an Chultúrlann mar áit a chuireann fáilte roimh nuálaíocht agus smaointe úra.
Sa lá atá inniu ann, tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich bródúil as na himeachtaí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal ag gach aois agus cúlra.