Léiríonn na treoir-phrionsabail seo bun-aidhmeanna agus straitéisí na Cultúrlainne:
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a riaradh faoi stiúir Bhord Stiúrtha agus de réir Meabhráin agus Airteagail Chomhlachais agus coinníollacha Acht na gCuideachtaí 2006.
Is cuideachta sinn, bunaithe d’fhonn cúrsaí oideachais, na healaíona agus imeachtaí cultúrtha Gaeilge a chur chun cinn i measc phobal Bhéal Feirste agus i gceantar Thuaisceart Éireann trí:
Réimse na n-ealaíon, lena n-áirítear dráma, filíocht, litríocht, ceol, na hamharc-ealaíona agus scríbhneoireacht chruthaitheach, a chur chun cinn trí Ghaeilge
Rannpháirtíocht a spreagadh in ealaíona agus in imeachtaí cultúrtha Gaeilge trí ranganna, ceardlanna, siamsaíocht agus ócáidí eile rannpháirtíochta a sholáthar.
Ionaid oifige a sholáthar mar aon le háiseanna eile oibre agus seirbhísí d’fhonn na healaíona agus Cultúr na Gaeilge a fhorbairt.
Ionad Ealaíon agus Cultúrtha na Gaeilge a riaradh agus a chothabháil i gcomhthéacs na dtreoir-phrionsabal thuasluaite.