Taispeántas Maria Liddy
📍 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
🗓️ 19 Samhain 2026, 19:00 – 14 Eanáir 2027, 00:00
Returning – Filleadh le Maria Liddy
Scrúdaíonn Filleadh athcheangal – le teanga, le traidisiún, le pobal agus leis an domhan nádúrtha. Tá na crainn lárnach don saothar, iad ag léiriú leanúnachais, muintearais agus naisc le háit. Is finnéithe iad ar ghlúnta athraithe, agus iad go fóill fréamhaithe sa tírdhreach céanna.
Scrúdaíonn an bailiúchán an chiall le filleadh: ar an áit as a dtagann muid, ar thraidisiúin agus ar eolas a d’fhéadfadh a bheith caillte nó ligthe i ndearmad, agus ar chaidreamh níos dlúithe leis an talamh. Is iad na crainn a thugann dúinn lón machnaimh faoi chuimhne, faoi fhéiniúlacht agus faoi mhuintearas nó cuireann siad i gcuimhne dúinn gur cuid den tírdhreach muid, in áit a bheith scartha uaidh.
“Is tréimhse spreagúil é seo in Éirinn, agus an oiread sin ealaíontóirí ag cur a gcasadh comhaimseartha féin ar cheol traidisiúnta na hÉireann, tá fonn ar dhaoine an teanga a fhoghlaim, agus tá féilte Ceilteacha á dtabhairt chun tosaigh arís.
Bhí ról lárnach ag Manchán Magan agus é ag spreagadh glúine chun athcheangal a dhéanamh leis an talamh agus lenár mbealaí ársa tuisceana.
Tá fonn ar bhealach maireachtála níos simplí ag dul i méid — ceann atá fréamhaithe sa phobal agus i gcaidreamh níos doimhne leis an talamh.
Fásaimid trí fhás dhaoine eile, cosúil le foraois go díreach, áit a bhfuil gach crann ina chuid d’éiceachóras níos leithne, ag tacú lena chéile agus ag cothú a chéile. Cuireann na crainn taca bunúsacha seo, a choinníonn ceangailte leis an talamh muid, cuireann siad i gcuimhne dúinn gur cuid de rud éigin i bhfad níos sine ná sinn féin muid, rud a mhairfidh i bhfad i ndiaidh dúinn imeacht.”
Returning explores reconnection – with language, tradition, community and the natural world. The trees are central to the work, representing continuity, belonging and a connection to place. They are witnesses to generations of change, while remaining rooted in the same landscape.
The collection considers what it means to return: to where we come from, to traditions and knowledge that may have been lost or overlooked, and to a closer relationship with the land. The trees become a way of thinking about memory, identity and belonging –
reminding us that we are part of the landscape, rather than separate from it.
“It’s an exciting time in Ireland, with so many artists putting a contemporary spin on traditional Irish folk music, a desire to learn the language, and bringing Celtic festivals back to the forefront.
Manchán Magan was instrumental in inspiring a generation to reconnect with the land and our ancient ways of knowing.
There’s a growing desire for a simpler way of being — rooted in community and a deeper relationship with the land.
We grow through the growth of others, much like a forest, where each tree is part of a wider ecosystem, supporting and sustaining one another. These grounding anchors remind us that we are part of something much older than ourselves, and will remain long after we’re gone.”
Dánlann Dillon
19/11/26 – 14/01/26
Seoladh/Launch: 19/11/26 7-9pm
