What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 7 Márta 2024
Dáta: 2 Déar 18 Aib 2024
Am: 19:00in
Costas: saor in aisce

Taispeántas - Illustrator's Ireland in ómós Tomi Ungerger 

 

Taispeántas é seo le 55 mhaisitheoir Éireannacha, a dhéanann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Tomi Ungerer.

 

Maisitheoir ba ea Tomi Ungerer a raibh cáil agus aithne air ar fud an domhain agus bhí an-ghean ag daoine air. As siocair é a bheith díbeartha as a áit chónaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, chaith sé go leor ama agus é ina fhear óg ag lorg áit a bhféadfadh sé cur faoi inti. Ina dhiaidh sin bhí an chlaontacht agus an leadrán ar na cúiseanna a chuir air bogadh ó áiteanna éagsúla. Ar deireadh thiar nach orainn a bhí an t-ádh gur in Éirinn a shocraigh sé cur faoi. In 2018 cuireadh fáilte chroíúil roimhe mar an chéad bhall oinigh in Illustrators Ireland – bhí méid áirithe den mhagadh ag baint leis an chuireadh sin – ach ghlac Ungerer leis an ghradam go hurramach, go humhal agus go lándíograiseach.

 

Faraor, d’imigh Ungerer ar shlí na fírinne sular éirigh Illustrators Ireland , ócáid a eagrú leis. An cuspóir atá leis an taispeántas seo ná ceiliúradh ceart a dhéanamh ar Ungerer, ar a shaothar saoil agus ar an tslí a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar ár gcuid ball in Éirinn agus thar lear.

 

Roghnaigh gach maisitheoir saothar amháin de chuid Ungerer agus tá saothar dá gcuid féin déanta acu mar fhreagra air nó mar léamh ar ghné éigin de. Fear mór imeartas focal ba ea Ungerer agus roghnaíodh teideal an taispeántais toisc go mbíodh an nath cainte sin aige go rialta. B’fhéidir gur sa chuimhne atá Tomi Ungerer ach is orainne atá sé a bhfuil romhainn amach a bheartú.