What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 18 Ean 2024
Dáta: 2 Déar 29 Feabh 2024
Am: 7pm

Bailiúchán grianghrafadóireachta agus fís-saothar é ‘Rud Damanta Maith’ arna chruthú i Luimneach ag an grúpa ban ‘Mná ón Taobh Istigh’ a scrúdaíonn an míostrú agus líon na n-athruithe a d’fhéadfadh tarlú do chorp mná ar feadh a saoil. Ardaíonn an taispeántas ceist faoin bhealach a bhféadfaí an míostrú a bhrath, mar baineann fochialla diúltacha go fóill leis sa tsochaí. Bhí siad ag iarraidh go bhfeicfí an míostrú mar cheiliúradh, mar dheis le fuinneamh diúltach a dhíbirt agus tús a chur le céim nua athfháis agus athbhreithe.

Is próiseas thar a bheith dinimiciúil agus nádúrtha é an míostrú.

Don bhailiúchán saothar seo, chomhoibrigh siad agus chruthaigh siad dhá phictiúr déag nach ndearnadh eagarthóireacht orthu, d’fhíormhná, ó dhéagóirí go mná sna hochtóidí, de gach cruth, gach méid, gach cúlra agus gach eitneacht. Baineadh úsáid as torthaí éagsúla lena n-áirítear seadóg, pomagránait, pluma agus silíní chun na céimeanna éagsúla den mhíostrú ar feadh saolré mná a léiriú.

Fuair siad spreagadh fosta ón téacs “50 Rud a Chaithfidh a Bheith ar Eolas Agat Faoin Mhíostrú":

Bí eolach ar do shileadh agus bí i gcomhthráth le do thimthriall” le Claire Baker. Déanann sí gach céim de timthriall na mban a chur i gcomparáid leis na séasúir, agus d’úsáid muid an idé-eolaíocht seo chun comhoibriú agus rinceoir comhaimseartha a thaifeadadh.

Is comhthionscadal grianghrafadóireachta é Mná ón Taobh Istigh le Clara Planelles (Stiúrthóir Cruthaitheach agus Grianghrafadóir), Clara McSweeney (Comhordaitheoir Tionscadail agus Dearthóir Grafaice) agus Maria McSweeney (Caidreamh Poiblí, Bainisteoir na Meán Sóisialta, agus Amharcealaíontóir) a scrúdaíonn an chiall atá le bheith i do bhean a chónaíonn sa 21ú haois i gCathair Luimnigh. Taispeánadh saothar an ghrúpa ag The People Museum, Luimneach, The Belltable

Luimneach, Tionscadal na Leabharlainne i mBaile Átha Cliath, Féile Ealaíon an Chabháin, Músaem Hunt, Luimneach, Aonach Leabhar Ealaíne TsunDoku ag Féile Photo Ireland, Príosún na mBan, Luimneach, Ionad Siopadóireachta an Chorráin, Luimneach, Féile Ealaíon Kfest Cill Orglan agus Féile an tSamhraidh, Luimneach.